Bean siúil, Máire Chonnachta agus an scéal mar a thit sí amach leis an Eaglais. Bhí sí maith ag obair láimhe agus snáthaide agus bhíodh sí a ndíol ag an aonach. Fuair sí post mar chailín aimsire ar feadh cúpla bliain, casadh saighdiúr uirthi agus bhí sí le leanbh, bhí an leanbh tinn ach ní bhaisteadh an sagart é siocar nach raibh sí pósta. Lá amháin chuir sí an sagart i bhfollach nuair a bhí na saighdiúirí ina dhiaidh, mharaigh an saighdiúr a mac nuair nach n-inseodh Máire do cáit a raibh an sagart, ní raibh a fhios aige gur a mhac féin a bhí ann. D’fhág sí Co. Mhaigh Eo an t-am sin agus bhog sí ó áit go háit, chaith sí seal fada i dTeileann agus chum sí amhráin. Chuaigh sí go ceantar na Rosa ina dhiaidh sin. | 00:09:42 | |